Cóiríocht

Áit chónaithe a aimsiú in áit éigin

English Version

Chomh luath agus a ghlacann tú le háit in ATU ní mór duit áit chónaithe a eagrú.

D’fhormhór na ndaoine ciallaíonn coláiste bogadh go dtí baile nó cathair nua agus iarracht a dhéanamh cóiríocht a aimsiú den chéad uair.

Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Cuireann Aontas Neach Léinn ATU an tseirbhís liostála do chóiríocht ar líne ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Soláthraíonn sé liosta de na cineálacha difriúla cóiríochta (tithe, árasáin, lánlóistín agus páirtlóistín) atá ar fáil gar do champais na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Leitir Fraic agus an Chreagáin.

Foilsítear treoirlínte maidir le socruithe cíosa i dTreoir-Leabhrán Leasa na Neach Léinn (Students Guide and Welfare Booklet) atá eisithe ag Aontas Neach Léinn ATU.

Tá eolas faoi Chearta an Tionónta ar fáil ar líne ar láithreán gréasáin Aontas Neach Léinn ATU.

Bailte Neacha Léinn

Tá roinnt bailte saintógtha neacha léinn suite gar do champais na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.

Is le hoibreoirí príobháideacha na bailte neacha léinn seo agus is iad a reáchtálann iad.

Gaillimh

Glasán

Teil: +353 (0)91 773333

Rphost: info@glasan.com

www.glasan.com

Cúirt na Rásaí

Teil: +353 (0)91 764131

Rphost: info@cuirtnarasai.com

www.cuirtnarasai.com

 

Caisleán an Bharraigh

Nephin Halls

Teil: +353 (0)94 9048100

Rphost: info@nephinhalls.com

www.nephinhalls.com

Hawthorn Village

Teil: +353 (0)94 9043900

Rphost: info@hawthornvillage.ie

www.hawthornvillage.ie

Seánadh Cóiríochta

Liostaíonn an leathanach seo bailte neacha léinn atá i seilbh phríobháideach agus cuimsíonn láithreán gréasáin Aontas Neach Léinn GMIT liosta réadmhaoine áit ar cuireadh in iúl d’Aontas na Neach Léinn go bhfuil cóiríocht le ligean ar cíos.

Ní dhearna GMIT iniúchadh ar aon cheann de na háitribh ná níor sheiceáil an bhail atá orthu, ná go bhfuil siad sábháilte nó oiriúnach do neacha léinn ná go bhfuil árachas ag an tiarna talún in aghaidh dliteanais phoiblí.

Ní féidir le GMIT a bheith freagrach ar bhealach ar bith as bail, oiriúnacht nó sábháilteacht cheann ar bith de na háitribh atá ar an liosta.

Ní dhearna GMIT tástáil ar fhearas, trealamh, daingneán, feisteas nó seirbhísí ar bith agus dá bhrí sin níl sí in ann a fhíorú go bhfuil siad in ord oibre nó oiriúnach dá gcuspóir. Ní mór do neacha léinn brath ar a n-iniúchadh féin. Cuireann tiarnaí talún gach eolas ar fáil maidir le háitribh agus tá an fhreagracht ar neacha léinn an chóiríocht a sheiceáil dóibh féin.